John 3:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An té chreideas ann sa Mhac atá an bheatha mharthanach aige: achd an té bhiós easumhal don Mhac, ní fhaicfe sé an bheatha; achd comhnuighidh fearg Dé air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té chreideas sa Mac, atá an bheatha shíorraidhe aige; acht an té nach n‐umhluigheann do’n Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, acht atá díbheirg Dé i gcómhnaidhe air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a chreideas sa Mhac bíonn an bheatha shíoraí aige; ach an té nach n‑umhlaíonn don Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach fanann sé faoi fhearg Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.”