John 3:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríoghacht Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ʼDʼfhreagair Íosa, “Is fíor agus is fírinneach a deirim leat, mura n‑athbheirtear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríocht Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa: «Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa: “Go deimhin féin, deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.