John 4:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin an tan do aithin an Tighearna go gcúaladar na Phairisínigh gur mó do dheisciobluibh do níodh Iósa agus do bhaisdeadh sé ná Eóin,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí a fhios ag an Tighearna go gcuala na Fairisínigh go raibh deisceabail d’á ndéanamh agus d’á mbaisteadh aige de bhreis ar Eoin
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois nuair a dʼaithin an Tiarna gur chuala na Fairiséigh go raibh Íosa ag sárú Eoin ag déanamh deisceabal agus á mbaisteadh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a dʼairigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal dá ndéanamh ag Íosa agus dá mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin–