John 4:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do rinneadar ar naithre adhra ar a tsliábh so; agus a deirthisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar bhéigean adhra do dhéunamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do‐rinne ár sinnsear adhradh ar an sliabh seo, acht adeir sibh‐se gur i nIarúsalem atá an áit ’n‐ar cheart dúinn adhradh do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhíodh ár sinsear ag adhradh ar an sliabh seo; agus is é a deir sibhse gurb í Iarúsailéim an áit ar chóir do dhaoine adhradh a dhéanamh inti.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibh-se gur in Iarúsailéim atá an áit inar cóir adhradh a dhéanamh.”