John 4:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan adharfuidh an luchd adhra fírinneacha an Tathair a spiorad agus a bhfirinne: oír go deimhin iárruidh an tathair a leitheid so dá adhradh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atá an uair ag teacht, agus atá sí ann cheana féin, ’n‐a n‐adharfaidh na fíor‐adharthóirí an t‐Athair i spioraid agus i bhfírinne: óir is iad sin na h‐adharthóirí theastuigheas ó’n Athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, a mbeidh lucht an fhíoradhartha ag adhradh an Athar sa Spiorad agus san fhírinne, mar is iad a leithéidí a lorgaíos an tAthair lena adhradh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus sa bhfírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair dá adhradh.