John 4:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fa namsin thangadar a dheisciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ni dubhairt áoinneach, Créud iarrus tú? nó, Créud labhrus tú ría?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Le n‐a linn sin tháinig a dheisceabail; agus ba iongnadh leo é bheith ag labhairt le mnaoi; acht cheana ní dhubhairt duine aca, Créad atá uait? nó, Cad chuige a bhfuil tú ag labhairt léi?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é sin an t‑am ar tháinig a dheisceabail. Bʼiontach leo é a bheith ag caint le bean, ach ní raibh sé de dhánacht ag aon duine acu a rá, “Cad é atá uait?” nó “Cad chuige a bhfuil tú ag caint léi?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: «Cad tá uait?» ná «Cén fáth tú a bheith ag caint léi?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”