John 4:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ríu, As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a dúirt Íosa leo, “Is bia dom toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, agus a obair a chomhlíonadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “Is é is bia dom-sa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a chuid oibre a chur i gcríoch.