John 4:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An é nach abartháoisi, go bhfuilid ceithre mhí fós, agus go dtiocfa an fóghmhar ann sin? féuch, a deirim ribh, Tóguidh súas bhur súile, agus féuchuidh na réghióin; óir atáid siad geal cheana chum a nfoghmhair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nach é rud adeir sibh, Ceithre mí go fóill, agus béidh an fóghmhar ann? féach, adeirim libh, Árduighidh bhúr súile, agus féachaidh ar na gortaibh atá geal cheana féin i gcómhair an fhóghmhair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach ndeir sibh, ‘Tá ceithre mhí ann go fóill, agus ansin tagann an fómhar?’ Deirim libhse, tógaigí bhur súile, agus féachaigí mar atá na cuibhrinn ag gealadh cheana féin le haghaidh an fhómhair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nach ndeir sibhse ' Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann'? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nach ndeir sibh-se ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise dá rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.