John 4:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chreideadar mórán do Shamaritanachaibh na caithreacha sin ann san ar son chomhráidh na mná, noch do dhearbhuigh, Dubhairt sé leam gach ní dá ndearna mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chreid mórán de Shamáritánachaibh na cathrach sin ann, mar gheall ar fhocal na mná thug an fhiadhnaise, D’innis sé dhom gach a ndearnas riamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chreid mórán Samaratánach as an gcathair úd ann de bharr fhianaise na mná, “Dʼaithris sé dom a ndearna mé riamh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: «D' inis sé dom gach ní dá ndearna mé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “Dʼinis sé dom gach ní dá ndearna mé.”