John 5:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharso as móide do smuáineadar na Iúdaidhe eisean do mharbhadh, tré nach é amháin gur bhris sé an tsabboíd, achd go ndubhairt sé fós gur bé Día a Athair féín, dá dhéanamh féin coimh ionann ré Día.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin ba dhéine do bhí na h‐Iúdaigh ag tnúth le n‐a chur chum báis, ní h‐é amháin gur bhris sé an tsabóid, acht go ndubhairt sé gurbh é Dia a Athair, g‐á chur féin ar aon dul le Dia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba í sin an chúis a bhí ag na Giúdaigh le bheith ag iarraidh ní ba dhéine a chur chun báis, mar ní hamháin gur sháraigh sé an tsabóid, ach thug sé Athair ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é a chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach deireadh gurbh é Dia a athair féin, dá chur féin ar aon chéim le Dia.