John 5:36 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd atá fíadhnuisi agamsa as mó ná Eóin: oír na hoibreacha thug an Tathair dhamhsa ionnus go gcríochnóchuinn iád, na hoibreacha sin do nímse, beirid síad fíadhnuisi leam, gur ab é an Tathair do chuir úadh mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atá fiadhnaise agam‐sa is mó ’ná fiadhnaise Eoin: óir na gnótha thug m’Athair dhom le cur chum chríche, na gnótha féin do‐ghnímh, do‐bheir siad fhiadhnaise im’ thaobh, gur ab é an t‐Athair do chuir uaidh mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá fianaise agam is mó ná fianaise Eoin; mar na hoibreacha a dheonaigh an tAthair dom a chur i gcrích, bíonn na hoibreacha seo atá á ndéanamh agam ag tabhairt fianaise orm gurb é an tAthair a chuir uaidh mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m' Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach tá fianaise agam-sa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug mʼAthair dom le cur i gcríoch, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.