John 5:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an Tathair féin, do chuir úadh mé, rug sé fíadhnuisi leam. Agus ní chúalabhairse a ghútha ríamh, agus ní fhacabhair a ghné.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé fiadhnaise im’ thaobh. Ní, chualabhair‐se a ghuth ariamh agus ní fhacabhar a ghné.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tá fianaise tugtha ag an Athair a chuir uaidh mé, é féin. Níor chuala sibh a ghlór riamh, ná ní fhaca sibh a chruth;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh,