John 5:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagair on teaslán é, A Thighearna, ní bhfuil éinneach agam, do chuirfeadh ann sa loch mé, an tan bhíos an tuisge ar na bhuáidhreadh: achd an gcéin bhimsi ag teachd, téid neach eile síos romham.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair an fear breoite, A dhuine uasail, ní fhuil duine agam do chuirfeadh sa lochán mé nuair corruightear an t‐uisce: acht an fhaid bhím‐se ag teacht, téigheann duine eile síos rómham.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é freagra a thug an t‑othar air, “A Shaoi, níl aon duine agam le mo chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce, agus tá an chéim síos tugtha ag fear eile fad agus a bhímse ar mo bhealach.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A dhuine uasail,» arsa an t-easlán leis á fhreagairt, «níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A dhuine uasail,” arsa an t-easlán leis dá fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.”