John 6:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghlac Iósa na haráin; agus ar mbreith buidheachus, do roinn sé ar na deisciobluibh, agus na deisciobail ar na cuibhreannuibh iád; agus mar an ccéudna fós do na hiásgaibh beaga an mhéid dob áill léo.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thóg Íosa na bollóga; agus iar mbreith buidheachais dó, do roinn sé iad ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe; agus na h‐iasca, chómh maith, an oiread díobh do theastuigh uatha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghlac Íosa na builíní ansin, agus dʼaltaigh sé iad, agus roinn sé iad ar a raibh ina suí; agus mar an gcéanna leis na héisc, an méid a bhí uathu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus thóg Íosa na builíní, d' altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b' áil leo de na héisc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus thóg Íosa na builíní, dʼaltaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna a oiread agus ab áil leo de na héisc.