John 6:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul a luing dhóibh, do chúadar tar fairrge go Capernaúm. Agus do bhí dorchadus ann a nuáirsin, agus nó tháinig Iósa chuca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do chuadar isteach i mbád, agus bhíodar ag dul trasna na fairrge go Cafarnaúm. Agus do bhí dorchadas ann an t‐am sin, agus ní tháinig Íosa chucha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus chuaigh siad ar bhád, agus dʼimigh siad leo thar toinn go Caparnáum. Bhí sé dorcha faoin am sin, agus níor tháinig Íosa chucu go fóill.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáúm. Bhí an dorchadas ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.