John 6:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tan do rinneadar iomramh timcheall a cúig no a deich fichead do sdáidibh, do chunncadar Iósa ag siobhal ar an bhfairrge, agus ag drud ris an luing: agus do ghabh eagla iad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí fá thuairim cúig staid fichead nó deich staid fichead d’iomramh déanta aca, do chonnacadar Íosa ag siubhal ar an bhfairrge, ag tarraing i ngar do’n bhád: agus do bhí scannradh ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí a trí nó a ceathair de mhílte curtha díobh ag iomramh, chonaic siad Íosa ag siúl na farraige agus é ag teacht cóngarach don bhád. Bhí eagla orthu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d' fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead dʼfharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu.