John 6:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagair Iósa dhóibh agus a dubhairt sé, Go deimhin, demhin a deirim ribh, go niárrtháoi mé, ní tré go bhfacabhair na comharthuidhe, achd tré gur itheabhair na haráin agus gur sásadh sibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní mar gheall ar na cómharthaibh do chonnacabhar atá sibh ’gam’ lorg, acht de chionn gur itheabhar na bollóga, agus gur sásuigheadh sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Íosa leo, “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, ní bhíonn sibh do mʼiarraidh de bharr na gcomharthaí a chonaic sibh, ach de bharr na mbuilíní ar ith sibh bhur ndóthain díobh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa: «Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.