John 6:42 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhradar, An né nach é so Iósa, mac Ióseph, agar ab aithnid dúinne a athair agus a mháthair? ar a nadhbharsin cionnus a déir sé, Do thuirrling mé ó neamh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhradar, Nach é seo Íosa mac Sheosaimh, go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? cionnas, d’á bhrigh sin, adeir sé, Tháinig mé anuas ó neamh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é a dúirt siad, “Nach é seo Íosa, mac Iósaif, a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conas a deir sé mar sin anois, ‘Tháinig mé anuas ó neamh?’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Nach é seo,» a deiridís, «Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: 'Tháinig mé anuas ó neamh'?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Nach é seo,” deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi ar féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó Neamh’?”