John 6:45 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá sgríobhtha ann sna fáidhibh, Agus béid síad uile ar na dteagasg ó Dhía. Ar a nadhbharsin gidh bé neach chluineas, agus fhoghlumas ó Nathair, tig sé chugamsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá scríobhtha ins na fáidhibh, Agus béidh siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gach duine d’éist leis an Athair, agus d’fhoghlaim, tagann sé chugam‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá sé scríofa i leabhair na bhfáithe, ‘Agus beidh Dia mar oide acu uile go léir.’ Níl duine dár chuala agus dár fhoghlaim ón Athair nach dtagann chugam.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá sé scríofa sna fáithe: ' Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.' An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá sé scríofa sna fáithe: ‘Beidh siad go léir dá dteagasc ag Dia.’ An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugam-sa.