John 6:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tan do thóg Iósa a shúile suás, agus do chunnairc sé go dtáinic buidhean mhór chuige, a dubhairt sé ré Philib, Ga háit as a gceinneochamáois arán, do chum go níosaidís so ní?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair d’árduigh Íosa a shúile, agus do chonnaic sé sluagh mór ag teacht chuige, adubhairt sé le Pilib, Cá gceannóchaimíd arán dóibh‐sean le n’ithe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼardaigh Íosa a shúile ansin, agus chonaic sé chuige an slua, agus dʼfhiafraigh sé de Philib, “Conas a cheannóimid arán, ionas go gcaithfidh an dream seo bia?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: «Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a dʼardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeidh bia acu seo?”