John 6:50 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag so an tarán do thuirling ó neamh, ionnus gidh bé itheas de, nach bhfuigheadh sé bás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é seo an t‐arán tháinig anuas ó neamh, go n‐íosfadh duine é, agus nach bhfaigheadh sé bás.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é seo an t‑arán a thagas anuas ó neamh go n‑ithe duine é agus nach bhfaighe sé bás.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é seo an t-arán a thagann anuas ó Neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.