John 6:53 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Muna nithí féoil Mhic an duine, agus muná nibhthí a fhuil, ní bhfuil beatha aguibh íonnuíbh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐ithidh sibh feoil Mhic an Duine, agus muna n‐ólaidh sibh a fhuil, ní fhuil aon bheatha ionnaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.