John 7:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd tar éis a bhráithreach imtheachd suás, do chúaidh seisean mar an gcéadna suás chum na sollamna, ní ós áird, achd mar dhe ós iseal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair bhí a bhráithre imthighthe suas chum na féile, do chuaidh sé féin suas mar an gcéadna, acht ní dheachaidh go poiblidhe, acht mar bhéadh sé ag dul i ngan fhios.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ni lúide, nuair a bhí a dheartháireacha imithe chun na féile, chuaigh sé féin suas freisin, ach ní os ard ach mar a bheadh os íseal.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a bhí a bhráithreacha imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a bhí a bhráithre imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim.