John 7:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharso tug Máoisi an timcheallghearradh dhíbhsi; (ní ar son gur ab ó Mháoisi atá sé, achd ó na haithribh;) agus do níthí duine do thimcheallghearradh ann sa tsábboid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin thug Maois an timcheall‐ghearradh dhaoibh (ní h‐é gur ó Mhaois tháinig sé, acht ó n‐bhúr sinnsearaibh); agus do‐ghní sibh‐se timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thug Maois an timpeallghearradh daoibh (ní hé sin le rá gur ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha), agus is gnách libh fear a thimpeallghearradh ar an tsabóid.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug Maois, más ea, an timpeall-ghearradh daoibh–ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha–agus déanann sibh timpeall-ghearradh ar dhuine fiú ar an tsabóid.