John 7:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chúaladar na Phairisínigh an pobal ag monbhar na neitheadhso na thimscheallsan; agus do chuireadar na Phairisínigh gus uáchdarain na sagart máoir dhá ghlacadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do‐chuala na Fairisínigh an sluagh ag conspóideacht ’n‐a thaobh ar an gcuma sin; agus do chuir uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh maoir chum beirthe air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuala na Fairiséigh an slua á rá sin ina thaobh faoina bhfiacla, agus chuir na hardsagairt agus na Fairiséigh oifigigh uathu á ghabháil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabháil.