John 7:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a dubhairt Iósa riú, Bíaidh mé fós sealad beag bhur bhfochair, agus na dhiáigh sin imthéocha mé chum an té do chuir uádh mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐bhúr bhfochair go fóill, agus annsin imtheochad chuige‐sean do chuir uaidh mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Íosa ansin, “Tamall beag eile a chaithfeas mé agaibh agus rachaidh mé ansin go dtí an té a chuir chugaibh mé;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: «Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.