John 7:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhradar na Iúduidhe eatarra féin, Gá háit a racha an fear so, nach bhfuigheamne é? an racha sé chum na muinntire atá sgartha a measgna Ngreagach, agus an dteagasfuidh sé na greaguigh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adubhairt na h‐Iúdaigh eadortha féin, Cia an áit ’n‐a rachaidh an duine seo, agus nach bhfaighimíd é? An rachaidh sé chum na ndaoine atá scaipthe i measc na nGréagach, leis na Gréagaigh do theagasc?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt na Giúdaigh lena chéile, “Cá háit a bhfuil sé ar intinn ag an duine seo a dhul nach mbeidh fáil againn air? An bhfuil sé ar intinn aige dul chuig na Giúdaigh atá scaipthe i measc na nGréagach agus na Gréagaigh a theagasc?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: «Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?