John 7:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Do labhair sé so a dtimcheall na Spioraide, do ghlacfaidís na dáoine do chreidfeadh ann san: oír ní raibh an Spiorad Náomh ar na thabhairt fós; ar son nach raibh Iósa fós ar na ghlórughadh.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht is i dtaobh an Spioraid do bhí le glacadh aca‐san do chreidfeadh ann, adubhairt sé an méid sin: óir do bhí an Spiorad gan bronnadh fós; de bhrigh go raibh Íosa gan glóiriú fós.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí an méid sin aige ag tagairt don Spiorad, a bheadh le fáil ag an dream a chreidfeadh ann; mar níor bronnadh an Spiorad go fóill, ó nár tugadh an ardghlóir dʼÍosa go fóill.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad bronnta fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.