John 7:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní dhéunann neach ar bith éin ní a bhfolach, agus iárrus é féin do bheith oirdheirc. Má ní tú iád so, foillsigh thú féin don tsáoghal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ní oibrigheann aon duine fá cheilt, agus é ag iarraidh é féin do nochtadh go poiblidhe. Má ghníonn tú na neithe seo, taisbeán thú féin do’n tsaoghal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar ní bhíonn aon duine ag oibriú os íseal ar mhian leis aithne a bheith air os ard. Má tá seo á dhéanamh agat, taispeáin thú féin don saol.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin tú féin don saol.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin thú féin don saol.”