John 8:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Gé nimsi finné dhamh féin, atá mfinné fírinneach: do bhrígh go bhfuil a fhios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteighim; achd ní bhfuil a fhios aguibhsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéighim.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Bíodh go bhfuilim ag déanamh fiadhnaise im’ thaobh féin, atá m’fhiadhnaise fírinneach, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá bhfuilim ag dul; acht ní fhuil a fhios agaibh‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá bhfuilim ag dul.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair Íosa, “Más fúm féin a thugaim mʼfhianaise, ní fhágann sin nach fíor í mʼfhianaise, mar tá a fhios agam cá has a dtagaim agus cá bhfuil mo thriall, agus níl fhios agaibhse cá has dom nó cá bhfuil mo thriall.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa: «Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í m' fhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní eol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa: “Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í mʼfhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní heol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall.