John 8:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá mórán agam ré labhairt agus ré bhreathnughadh bhur dtimcheallsa: achd as fírinneach an té do chuir úadh mé; agus labhruim ris a tsáoghal na neithe do chúaluidh mé úadhsan
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá mórán agam le rádh agus le breathnú ’n‐bhúr dtaobh: acht an té do chuir uaidh mé atá sé fíor; agus na neithe do‐chualas uaidh‐sean, is iad sin na neithe labhraim leis an saoghal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is iomaí sin ní atá agam lena rá fúibh agus is iomaí breith atá orm a thabhairt; ach is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus ní dhéanaim ach ar chuala mé aige a fhógairt don saol.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a lán le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.”