John 8:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Íosa leis na h‐Iúdachaibh do chreid ann, Má chlaoidheann sibh lem’ bhriathraibh, go fírinneach is deisceabail agam sibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Duirt Íosa ansin leis na Giúdaigh a raibh a gcreideamh curtha acu ann, “Má fhanann sibh umhal do mo bhriathar, tá sibh in bhur ndeisceabail agam i bhfírinne,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: «Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,