John 8:44 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As é an díabhal as athair dháoibh, agus as íad míana bhur nathair as toil libhsi dhéunamh. Do bhi seision na fhear dúnmharbhtha ó thus, agus níor chomhnuidh se sa bhfírinne, óir ní bhfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as athair don bréig.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is ó bhur n‑athair an diabhal atá sibh, agus is é bhur dtoil mianta bhur n‑athar a chur i gcrích. Is dúnmharfóir é ó thús, agus scar sé leis an bhfírinne, ó nach bhfuil aon fhírinne ann. Nuair a insíonn sé bréaga, insíonn sé de réir a nádúir féin, mar is bréagaire é agus is é athair na mbréag é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n-athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ón diabhal, mar athair, sibh-se agus is iad mianta bhur n-athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé sa bhfírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.