John 8:49 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreaguir Iósa, Ní bhfuil deamhan ionnamsa; achd do bheirim onóir dom Athair, agus do bheirthísi eas onóir dhamhsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa, Ní fhuil deamhan ionnam‐sa; acht do‐bheirim onóir dom’ Athair, agus do‐bheir sibh‐se easonóir dhamh‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair Íosa, “Níl deamhan ionam; ach bím ag tabhairt onóra do mʼAthair, agus bíonn sibh ag tabhairt easonóra dom.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do m' Athair agus tugann sibhse easonóir dom.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do mʼAthair agus tugann sibh-se easonóir dom.