John 8:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do aithin Máoisi dhínn sa dligheadh, a leitheidso do bhásughadh lé clóchaibh: ar a nadhbharsin créd a deir tusa?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’órduigh Maois sa dlighe dhúinn a leithéid seo do chur chum báis ag gabháil de chlochaibh uirthi: créad deirir‐se?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois tá sé ordaithe dúinn ag Maois sa dlí a leithéidí a chur chun báis le clocha. Cad é atá le rá agat ina taobh?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tusa más ea?”