John 8:52 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris, Aithnimíd a nois go bhfuil an díabhal ionnad. Fúair Abraham, agus na fáidhe bás; agus a deir tusa, Gidh bé choimhéudfas mo bhríatharsa, ní bhlaisfe sé bás go síorruidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt na Giúdaigh leis, “Nach maith atá a fhios againn go bhfuil deamhan ionat. Dʼéag Abracham, agus fuair na fáithe bás; agus tá tusa á rá, ‘má choinníonn duine mo bhriathar, ní bhlaisfidh sé bás go deo.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt na Giúdaigh leis: «Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: 'Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’