John 8:54 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagair Iósa, Má bheirimse glóir dhamh féin, ní bhfuil tádhbhachd an mo ghlóir: as é Mathair do bheir glóir dhamh, noch a deirthísi, gur ab é bhur Ndía féin é:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa, Má bheirim glóir dhom féin, is neamh‐nidh mo ghlóir: is é m’Athair do‐bheir glóir dhom; an té adeir sibh‐se gur ab é bhúr nDia é;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair Íosa, “Má bhím ag bronnadh glóire orm féin, ní glóir í mo ghlóir; is é mʼAthair a thugas an ghlóir dom, a mbíonn sibh á rá gurb é bhur nDia é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa: «Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é m' Athair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibhse mar gheall air: 'Is é ár nDia é.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa: “Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é mʼAthair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibh-se mar gheall air: ‘Is é ár nDia é.’