John 8:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhradar sin dá theasdughadhsan, ionnus go gcuirfidís cúis air. Achd ar gcromadh síos Díosa, do sgríobh sé lé na mhéur ar a talamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht g‐á thriail adubhradar é sin, le súil go bhféadfaidís rud éigin do chur ’n‐a leith. Acht do chrom Íosa síos, agus do bhí sé ag scríobhadh le n‐a mhéir ar an talamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt siad sin le féachaint a chur air, ionas go bhfaighidís ní lena chur ina leith. Chrom Íosa síos agus scríobh sé lena mhéar sa talamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt siad an chaint sin dá phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.