John 8:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd mar do chúalardarsan na neithesi, agus a gcogús dá nagra, do imthigheadar amach a ndiaigh a chéile, ag tosughadh ó na sinnsioraibh gus na dáoinibh déigheanacha: agus do fágadh Iósa na áonar, agus an bhean na seasamh a lar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do‐chualadar sin, d’imthigheadar ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, na daoine ba shine ar dtús, go dtí an duine deiridh, agus do fágadh Íosa ’n‐a aonar, agus an bhean ’n‐a seasamh ’n‐a láthair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a chuala siad sin, dʼéalaigh siad leo, ina nduine agus ina nduine, ag tosú leis an té ba shine, gur fágadh Íosa gan aige ach é féin agus an bhean ina seasamh roimhe agus a haghaidh air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Arna chlos sin dóibh d' imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Arna chlos sin dóibh dʼimigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.