John 9:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreaguir seision agus a dubhairt sé, An té dár ab ainm Iósa do rinne sé láib, agus do chumail sé dom shúilibh í, agus a dubhairt rium, Imthigh go loch Shilóam, agus ionnail: agus dimthigh misi agus dionniul mé, agus fúarus mo radharc.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair sé, An fear ar a dtugtar Íosa, do‐rinne sé láib, agus do sméaruigh sé mo shúile, agus adubhairt sé liom, Imthigh go Sílóam, agus nigh: agus d’imthigheas agus do nigheas, agus fuaras mo radharc.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair sé: «An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: 'Imigh go Linn Siolóam agus nigh.' D' imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar ‘Íosa’, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Shiolóm agus nigh.’ Dʼimigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”