John 9:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a dubhradar cuid do na Phairisíneachuibh, Ní ó Dhía an duinesi, óir ní chongbhann sé an tsabbóid. A dubhradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacthach a léithéid so do chomharthadhuibh a dhéunamh? Agus do bhi siosma eatorra.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin adubhairt cuid de na Fairisíneachaibh, Ní ó Dhia an fear so, óir ní choimhéadann sé an tsabóid. Acht bhí cuid eile aca adubhairt, Cionnas is féidir do dhuine peacamhail a leithéidí de mhíorbhailtibh do dhéanamh? Agus do bhí siosma eadortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a dʼfhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” Dʼéirigh easaontas eatarthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: «Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.» Dúirt cuid eile: «Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?» Agus bhí aighneas eatarthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir le duine peacúil míorúiltí mar iad seo a dhéanamh?” Agus bhí aighneas eatarthu.