John 9:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dfíafruigheadar dhíobh, ag rádh, An né so bhur macsa, noch a deirthí rugadh dall? ar a nadhbharsin cionnas do chí sé a nóis?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus gur cheistigheadar iad, g‐á rádh, An é seo bhúr mac adeir sibh a rugadh ’n‐a dhall? Cionnas do‐chí sé anois?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gur fhiafraigh siad díobh, “An é sin bhur mac, an té a deir sibh a rugadh ina dhall? Conas mar sin a fheiceas sé anois?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus gur cheistigh siad iad: «An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?» ar siad. «Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?”