John 9:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt a athair agus a mhathair na bríathrasa, ar eagla na Niudaidheadh: óir do órduigheadar na Iúdaidhe roimhe sin, gidh bé daidmhéochadh gur bheisean Críosd, a chur as an tsinagoig.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt an t‐athair agus an mháthair an méid sin ar eagla na nIúdach: óir do bhí socruighthe ag na h‐Iúdachaibh, dá n‐admhuigheadh duine ar bith gurbh é an Críost é, go gcuirfidhe amach é as an tsionagóig.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt a thuis­mitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a dʼadmhódh gurbh é an Críost é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d' admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a dʼadmhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.