John 9:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreaguir seisean iád, Dinnis mé dhíbh cheana, agus níor éisdeabhuir: créud fa niátháoi a chloisdin a rís? an mían libhsi leis bheith bhur ndeisciobluibh aige?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair seisean dóibh, D’inniseas cheana dhaoibh é, agus níor éisteabhar: cad chuige gur ab áil libh a chlos arís? an mian libh‐se, leis, bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh aige?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é a fhreagra, “Tá sé inste agam daoibh cheana, agus gan é de thoil agaibh éisteacht liom. Cad chuige ar mhian libh a chluinstin arís? Nó an bhfuil fonn oraibh bheith in bhur ndeisceabail aige freisin?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair sé iad: «D' inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair sé iad: “Dʼinis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh dá chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libh-se a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?”