John 9:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin tugadar aithis dó, agus a dubhradar, Bísi ad dheisciobal aige; achd is do Mháoisi is deisciobail sinne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do tharcuisnigheadar é, agus adubhradar, Is deisceabal dó thusa, acht is do Mhaois is deisceabail sinne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuaigh siad a fhonóid faoi ansin, agus á rá, “Tusa deisceabal an duine sin, sinne deisceabail Mhaois.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: «Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne.