Joshua 10:11 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, mar do bhádar ag teithiomh roimhe Israel, agus iad ag dul ré fanuidh go Betóron, gur theilg an TIGHEARNA clochá móra a núas ó neamh orra go nuige Asecah, agus gur marbhadh íad: ba mó an mhéid do marbhadh le cloichshneachda dhíobh, ná ar mharbhadar clann Israel leis an ccloidheamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael.