Joshua 10:24 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, a núair thugadar na righthesin amach go Iosua, gur ghoir Iosua ar fhearuibh Israel uile, agus a dubhairt sé re caiptínibh an luchd cogaidh do chúaidh leis, Druididh a leith, cuirfidhe bhur ccosa ar mhuinealuibh na rioghso. Agus tangadar láimh ris, agus do chuireadar a ccosa ar a muinealuibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: «Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.» Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide.