Joshua 10:27 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla a nam dul faói na gréine, gur fhúagair Iosua, agus tugadar a núas as na crannuibh íad, agus do theilgeadar an sa núamhuigh íad mar a rabhadar a bhfolach, agus do chuireadar clocha móra a mbéul na húamha, noch mhairios gus a niugh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Le dul faoi na gréine, ar ordú Iósua, thógadar anuas de na crainn iad agus chaitheadar isteach san uaimh iad mar a ndeachadar i bhfolach. Chuireadar leacacha móra ag béal na huaimhe, agus tá siad ansiúd go dtí an lá inniu féin.