Joshua 10:40 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Mar sin do bhuáil Iosua tír na slíabh, agus an taoibh ó dheas, agus na gleánnta, agus na sruth, agus a ríghthe uile: níor fhág neach béo dhíobh, ach do scrios sé uile an mhéid iona raibh anáil, mar do aithin an TIGHEARNA Día Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d' ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.