Joshua 12:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus is íadso ríghthe na críche do bhuáil Iosua agus Israel don taóibhsi do Iordan taóibh shíar, ó Bhaal‐gad a ngleann Lebanon go slíabh Hálac, théid súas go Seir; noch thug Iosua do threabhuibh Israel mar sheilbh do réir a ronna;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne: